Media Centre

Seisiún faisnéise á reáchtáil ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (UAB) faoina Phlean Forbartha Aerfoirt €2bn 

Cuirfidh UAB na comhlachtaí tógála ar an eolas faoin bplean forbartha caipitil atá aige d’Aerfort Bhaile Átha Cliath. Beidh fáilte roimh gach comhlacht ar suim leis an gnó teacht chuig an ócáid seo, a bheidh á reáchtáil ar 14 Feabhra in Óstán Carlton Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Is é an aidhm atá ag an ócáid léargas ginearálta a thabhairt do na comhlachtaí ar suim leo é ar phleananna caipitil UAB do na trí bliana atá romhainn agus ar na cineálacha conartha a chuirfear amach chun tairisceana i rith na tréimhse sin. Cuirfear timpeall €1.2bn de €2bn an chláir chaipitil i bhfeidhm as seo go ceann trí bliana.

Míneofar freisin an córas conartha nuálach “ilphacáiste” atáthar a úsáid don tionscadal “T2” (Aerstáisiún 2), ar fiú breis agus €600m é, in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá an tionscadal seo – lena n-áirítear aerstáisiún 75,000 m2, foirgneamh piara 24,000 m2, oibreacha naprúin agus raon leathan eile athchóirithe ar an gcampas – á roinnt ina 16 pacáiste ar leith, a chuirfear chun tairisceana ina gceann agus ina gceann.

Dúirt Mark Foley, Stiúrthóir Chláir Chaipitil UAB, cé go bhfuil an leagan amach “ilphacáiste" seo neamhchoitianta go leor ar mhargadh na hÉireann, go bhfuil sé ag éirí coitianta i gconarthaí móra tógála i réimse na heitlíochta thar lear agus go raibh rath mór air i dtionscadal T5 Heathrow. “Ag roinnt na hoibre mar seo dúinn ina conarthaí ar leith atá dírithe ar na príomhcheirdeanna sa chlár T2, is é an rún atá againn an comhlacht ceart leis na scileanna cearta a fháil do gach ceann de na 16 tasc ar leith,” arsa Foley. “Tá fúinn féin agus faoinár gcomhpháirtithe an tionscadal T2 seo a chur i bhfeidhm de réir sceidil dhocht agus cuireann an próiseas seo ar ár gcumas dul ar aghaidh faoin luas a theastaíonn le go gcríochnófar de réir sprice é faoi fhómhar na bliana 2009.”

Tá gach ceann de na conarthaí T2, mar aon leis na príomhchonarthaí eile ar cuid de Chlár Forbartha Aerfoirt UAB iad, á bhfógairt de réir phróiseas tairisceana Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Cuirfear tús leis an seisiún faisnéise ag 10 a chlog ar 14 Feabhra agus beidh léachtanna léirithe ar thionscadal T2, ar mháistirphlean Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ar na forbairtí eile atá le teacht as seo go ceann trí bliana ina gcuid de. Beidh feidhmeannaigh shinsearacha de chuid UAB ann freisin le ceisteanna a fhreagairt ar an gclár forbartha caipitil.

Is féidir leo siúd ar suim leo é a dheimhniú go bhfuil rún acu a bheith i láthair ach dul i dteagmháil le Karin Morkovska ag UAB (Teil 353 (0)1 814 5423 nó ríomhphost karin.morkovska@dublinairportauthority.com)

A chríoch sin
Tuilleadh faisnéise ó:
Paul O’Kane, Stiúrthóir Cumarsáide, Clár Forbartha Aerfoirt, UAB
Teil 353 (0)1 8141897, 086 6090221

Tá íomhánna de T2 le fáil ar http://www.dublinairportauthority.com/media-centre/image_gallery.html

An rud is é: seisiún faisnéise á reáchtáil ag UAB do chomhlachtaí tógála faoina phlean caipitil €2bn

An uair: Dé Céadaoin 14 Feabhra 10.00 ar maidin -12.00 meán lae

An áit: Óstán Carlton Aerfort Bhaile Átha Cliath, Seanbhóthar an Aerfoirt, Clochrán, Baile Átha Cliath. Gheofar treoracha chun an óstáin ag http://www.carltondublinairport.com/map_directions.html

DÍOL AN LEASA ATÁ AIGE I BIRMINGHAM INTERNATIONAL AIRPORT Á BHREITHNIÚ AG AER RIANTA IDIRNÁISIÚNTA
Faoi láthair tá leas 24.125% ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (“UAB”), trí bhíthin na fochuideachta ar leis go hiomlán í, Aer Rianta Idirnáisiúnta c.p.t. (“ARI”), i Birmingham International Airport (BIA). Is é an cúigiú aerfort paisinéirí is mó sa Ríocht Aontaithe é BIA agus an dara ceann is mó taobh amuigh de Londain, agus dhéileáil sé le beagnach 9.5 milliún paisinéir i rith an 12 mí dar críoch 31 Márta 2006.
Tá ARI agus Macquarie Airports Group, a bhfuil leas 24.125% freisin acu i BIA, tar éis a fhógairt go bhfuil fúthu a gcomh-scairsheilbh 48.25% a dhíol in éineacht.
Braithfidh cinneadh ar bith a d’fhéadfaidís a dhéanamh an chomh-scairsheilbh a dhíol ar shubstaint na dtairiscintí a dhéanfaí.

Teagmháil:
Vincent Wall, Stiúrthóir Cumarsáide, UAB
Teil.: 01 8144107
Fon póca: 087-6860727