Media Centre

TÁ AER RIANTA INTERNATIONAL LE DIÚSCAIRT SUIME A INIÚCHADH AG AERFORT IDIRNÁISIÚNTA BIRMINGHAM 

Tá seilbh ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath cpt ("ÚABÁC"), tríd an bhfochuideachta Aer Rianta International c.p.t. ("ARI") atá faoina úinéireacht iomlán, ar leas 24.125%  in Aerfort Idirnáisiúnta Birmingham (BIA).  Tá BIA ar an gcúigiú aerfort paisinéara is mó sa RA agus ar an dara ceann is mó lasmuigh de Londain agus rinneadar díreach faoi bhun 9.5 milliún paisinéir a láimhseáil sa 12 mí dar críoch 31 Márta 2006.

Tá fógra tugtha ag ARI agus Macquarie Airports Group, a bhfuil seilbh acu ar leas 24.125% i BIA chomh maith, go bhfuil sé beartaithe acu diúscairt an leasa nasctha 48.25% a iniúchadh trí phróiseas comhdhíolacháin.
Beidh cinneadh ar bith a bhaineann le dífheistiú an chomhleasa acu ag brath ar chaighdeán na dtairiscintí go bhféadfaí a aimsiú.

Teagmháil:
Vincent Wall, Stiúrthóir - Cumarsáid, ÚABÁC
Teil.:  01 8144107
Fón Póca: 087-6860727